Antur on oilean

Mhol an tAthair Tomás Ó Murchú, Áth an Mhaide, Co Chorcaí, an obair mhór a bhí déanta ag Antur Aelhaearn, comharchumann pobail…

Mhol an tAthair Tomás Ó Murchú, Áth an Mhaide, Co Chorcaí, an obair mhór a bhí déanta ag Antur Aelhaearn, comharchumann pobail sa Bhreatain Bhig.

D'oscail sé taispeántas a cheiliúir obair an chomharchumainn an tseachtain seo caite agus é sa Bhreatain Bhig.

Agus, más aisteach féin le rá é, bhí baint ag pobal na hÉireann le saolú an chomharchumainn an chéad lá riamh.

Cuairt ar Oileán Chléire i 1973 a spreag muintir Aelhaearn le comharchumann a bhunú ar mhúnlú chomharchumann an oileáin agus ba é Antur Aelhaearn an chéad chomharchumann a bunaíodh sa Ríocht Aontaithe dá bharr, a dúirt Ó Murchú.

READ MORE

Dúirt sé gur chuir an Antur "beocht agus brí nua sa phobal áitiúil i dtreo is gur thugadar faoi fhadhbanna oideachais, sóisialta, ar nós fostaíochta, tithíochta agus imirce ón dúthaigh a réiteach iad féin.

"Ní amháin sin ach thugadar faoi theanga Cymru a neartú agus a bhuanú tré Eisteddfor áitiúil a bhí imithe i léig le 50 bliain a athbheochan. Cuireadh ranganna Breatnaise ar fáil chun go mbeadh teacht ag an bpobal ar a ndúchas."

Bhí ceacht le foghlaim ag lucht na Gaeilge as obair an chomharchumainn.